Comhpháirtíocht Spóirt Liatroma ag glacadh anois le hiarratais ar dheontais le haghaidh Sheachtain na Rothar
I gcomhar le Comhpháirtíocht Spóirt Liatroma, tá ríméad ar Chomhairle Contae Liatroma a
fhógairt go bhfuil maoiniú €12,000 faighte acu I gcomhair Sheachtain Náisiúnta na Rothar,
2023. Is ceiliúradh ar bhuntáistí na rothaíochta í Seachtain na Rothar agus is deis í do dhaoine
idir óg agus aosta léim ar a rothar arís, bíodh sé mar chaitheamh aimsire nó díreach le píosa
spraoi a bheith acu. Beidh imeachtaí Sheachtain Náisiúnta na Rothar ar siúl ó Dé Domhnaigh, an 13 Bealtaine go dtí Dé Domhnaigh, an 21 Bealtaine i mbliana.
Aon scoil, grúpa pobail, club spóirt, grúpa seandaoine gníomhacha, soláthraí seirbhíse cúraim leanaí nó eagraíocht a bhféadfadh suim a bheith acu in imeacht a óstáil i gcomhair Sheachtain Náisiúnta na Rothar, 2023, tá Comhpháirtíocht Spóirt Liatroma anois ag tabhairt cuireadh dóibh cur isteach ar dheontas.
Le tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le Comhpháirtíocht Spóirt Liatroma, 071 9650498,
ríomhphost: sports@leitrimcoco.ie
Foirm iarratais thíos.